Obair san Eoraip

Ag obair san Eoraip trí Sheirbhís EURES

An bhfuil tú ag smaoineamh ar obair san Eoraip? An raibh a fhios agat go raibh éileamh ollmhór ar oibrithe i dtíortha eile na hEorpa, agus nach n-éilítear inniúlacht sa teanga dhúchais i ngach post. 

Déan cíoradh ar dheiseanna fostaíochta agus faigh eolas praiticiúil ar chónaí agus ar obair i dtíortha eile na hEorpa trí EURES. Déan teagmháil le do Chomhairleoir EURES áitiúil nó cuir ríomhphost chuig eures@welfare.ie chun a thuilleadh eolais a fháil.

Is iad na trí phríomhsheirbhís atá á dtairiscint ag EURES ná: 
•    An Tairseach um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile, áit ar féidir leat poist a chuardach sna Ballstáit go léir in EURES. Tá breis agus milliún folúntas beo ar an tairseach faoi láthair. 
•    Líonra de bhreis agus 1,000 Comhairleoir EURES atá i dteagmháil laethúil leis an lucht cuardaigh fostaíochta agus le fostóirí ar fud na hEorpa. 
•    Féilire lán le Laethanta Eorpacha na bPost agus imeachtaí eile ar fud na hEorpa. 

Tabhair cuairt ar EURES, le do thoil, chun a thuilleadh eolais a fháil.