Conas is féidir le Jabanna Éireann cabhrú leat

Jabanna Éireann - Anseo duit

Seo roinnt uimhreacha a bhféadfaí gur mhaith leat iad a bheith ar eolas agat

Tacaímid leis na mílte fostóirí de gach méid agus i ngach earnáil ghnó chun folúntais i bpoist a fhógairt, idir fholúntais ar an leibhéal iontrála agus fholúntais ar an leibhéal sinsearach feidhmiúcháin. Rinneamar breis agus 125,000 post a fhógairt anuraidh agus tá sé mar aidhm againn toradh níos fearr a bhaint amach i mbliana. 

D’fhéadfadh sé a bheith deacair do phost foirfe a fháil, ach tá Jabanna Éireann anseo chun cabhrú leat. Bain feidhm as an limistéar Cuardach Poist ar an Leathanach Baile chun cuardach sciobtha a rith trí earnáil, suíomh nó eochairfhocail i gcomhair an phoist a roghnú chun do chuardach a bheachtú.

An n-aithníonn tú é seo? Téimid níos faide tríd an gcor is déanaí a thairiscint duit i dtaca leis an gcomhoiriúnú uathoibríoch poist agus i dtaca leis na fógraí uathoibríocha post. Inis dúinn faoi do scileanna agus do thaithí agus is féidir le Jabanna Éireann iad a chomhoiriúnú leis na folúntais reatha agus na torthaí a chur in iúl duit. Is furasta é seo a dhéanamh! 

Thairis sin, cuirimid caoi ar fáil duit le teacht ar ghairmthreoir agus ar leideanna maidir le hullmhúchán CV agus maidir le hullmhúchán d’agallamh chun cuidiú leat do dhícheall a dhéanamh i bhfianaise na bhfostóirí ionchais. 

Mura bhfuil sé ar intinn agat post nua a fháil i láthair na huaire, táimid sásta eolas ar na treochtaí fostaíochta agus ar riachtanais scileanna na todhchaí a roinnt leat. Chun eolas ar oiliúint agus ar phrintíseachtaí a fháil, cliceáil anseo

An bhfuil tú ag smaoineamh ar obair thar lear? Tá Jabanna Éireann ceangailte le Tairseach EURES um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile ar a liostaítear breis agus milliún folúntas i bpoist ar fud na hEorpa faoi láthair. Cliceáil anseo chun sonraí de na folúntais a fháil agus chun comhairle ar a bheith ag cónaí agus ag obair ar an gcoigríoch a fháil.

Tá an tseirbhís furasta le húsáid, ar fáil 24/7 agus go hiomlán saor in aisce. Cláraigh ANOIS