Ar Lorg Oibre

An bhfuil tú dífhostaithe agus ar lorg oibre, nó an bhfuil tú ag obair ach ag smaoineamh ar athrú a dhéanamh ar do phost nó ar threo do ghairme? Is féidir le Jabanna Éireann comhairle a chur ar fáil duit agus thú a chur i dteagmháil le fostóirí de gach méid agus i ngach earnáil. Rinneamar breis agus 100,000 post a fhógairt anuraidh in Éirinn – agus tá sé mar aidhm againn toradh níos fearr a bhaint amach i mbliana!

Thairis sin, tá Jabanna Éireann ceangailte le Tairseach EURES um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile ar a liostaítear breis agus milliún folúntas i bpoist ar fud na hEorpa faoi láthair. Caith súil orthu ar www.eures.europa.eu nó déan teagmháil le EURES Éireann ar eures@welfare.ie.

D’fhéadfadh sé a bheith deacair cinneadh a dhéanamh ar an rogha ghairme atá ceart – cliceáil anseo chun comhairle a fháil.