Tacaíochtaí Oiliúna agus Oideachais d’Fhostóirí

Printíseachtaí

Is clár oideachais agus oiliúna é printíseacht a chomhcheanglaíonn foghlaim san ionad oibre le foghlaim in ionad oiliúna nó i gcoláiste oideachais. Soláthraíonn printíseacht an deis chun foghlaim a fhaightear lasmuigh den obair a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt tuilleadh faoi mhaoirseacht san ionad oibre.

Tá printísigh fostaithe ag fostóir atá ceadaithe ag SOLAS ar feadh ré an chláir atá idir dhá agus ceithre bliana de ghnáth. Tá ar a laghad leath de na cláir phrintíseachta lonnaithe san ionad oibre. Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar phrintíseachtaí, déan teagmháil leis an rannán printíseachta i do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil (ETB).

Tacaíochtaí Oiliúna agus Oideachais

Déanann do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil cúrsaí oiliúna a fhorbairt agus a sheachadadh a oibríonn i gcomhpháirtíocht le hionadaithe tionscail agus le fostóirí chun bearnaí scileanna agus riachtanais scileanna sa lucht saothair áitiúil a aithint.Traineeships give employers access to a pool of learners who are developing skills and gaining on-the-job experience in relevant sectors. By tailoring courses to meet local needs, traineeships can improve employment outcomes for the trainees and increase retention of staff and productivity for employers.

Scileanna chun Dul Chun Cinn

Is clár náisiúnta é Skills to Advance chun scileanna a uasoiliúint agus a athoiliúint i bpoist atá ag athrú agus iad siúd atá fostaithe in earnálacha leochaileacha.

Ag obair go dlúth le fiontair bheaga agus mheánmhéide, cabhraíonn Skills to Advance le fostóirí riachtanais scileanna a aithint agus infheistíocht a dhéanamh ina bhfórsa saothair trí oideachas agus oiliúint fhóirdheonaithe a sholáthar don fhoireann.

Skillnet Éire

Is gníomhaireacht tacaíochta gnó de chuid Rialtas na hÉireann é Skillnet Ireland. Tá sé mar aidhm aige iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht ghnólachtaí na hÉireann a chur chun cinn trí oiliúint agus forbairt lucht saothair.

Tacaíonn Skillnet le fostóirí sna hearnálacha leath-stáit phríobháideacha agus tráchtála.

An Oifig Fiontair Áitiúil

Féadann d’Oifig Fiontair Áitiúil comhairle, faisnéis agus tacaíocht a thabhairt duit maidir le do ghnó a thosú nó a fhorbairt. Tá an Oifig Fiontar Áitiúil ann do dhaoine ar spéis leo gnó nua a thosú chomh maith leo siúd atá i mbun gnó cheana féin mar fhiontraithe, tionscnóirí luathchéime, gnólachtaí nuathionscanta agus gnóthais bheaga atá ag iarraidh leathnú in Éirinn.

Springboard +

Cuireann clár Springboard + cúrsaí saor in aisce ar fáil ag leibhéal teastais, céime agus máistreachta as a dtagann cáilíochtaí i réimsí ina bhfuil deiseanna fostaíochta sa gheilleagar. Tá an chuid is mó de na cúrsaí páirtaimseartha agus maireann siad suas le bliain. Tá siad oscailte do dhaoine atá fostaithe, dífhostaithe agus dóibh siúd atá ag filleadh ar an bhfórsa saothair.

Soláthraíonn cúrsaí Springboard + oiliúint ullmhachta poist agus tugann a bhformhór an deis do shocrúchán oibre, foghlaim bunaithe ar thionscadal agus cuairteanna ar láithreáin tionscail

An Cúrsa Ceart

Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris TD tairseach nua ar líne do dhaoine atá ag iarraidh breisoiliúint nó athoiliúint a dhéanamh.

Is siopa ilfhreastail é an tairseach ar líne - gov.ie/therightcourse - do ghnólachtaí, d’fhostaithe nó do dhaoine dífhostaithe agus tugann sé breac-chuntas ar na roghanna tríú leibhéal atá ar fáil dóibh.

Is cúrsa gairid páirtaimseartha é seo, cúrsa do dhuine i bhfostaíocht nó rogha filleadh ar an tríú leibhéal.

Tugann an siopa ilfhreastail breac-chuntas ar na háiteanna breisoideachais agus oiliúna agus na cúrsaí san ardoideachas atá á dtairiscint, agus faisnéis dóibh siúd ar íocaíocht leasa shóisialaigh.

Spreagtar úinéirí gnó freisin chun iniúchadh a dhéanamh ar an raon roghanna uasoiliúna atá ar fáil ó Skillnet Ireland lena n-áirítear tacaíochtaí gnó faoi stiúir fiontar, deiseanna spriocdhírithe uasfhostaithe d’fhostaithe i ngnólachtaí, cláir oiliúna ar líne saor in aisce agus socrúcháin poist fíorúla

Logáil isteach ar gov.ie/therightcourse le haghaidh tuilleadh sonraí

Oiliúint de réir Earnála

Ar an leathanach Oiliúint de réir Earnála gheobhaidh tú faisnéis faoi chuid den oiliúint reatha atá á tairiscint ag earnáil. Roghnaigh earnáil chun féachaint ar oiliúint chreidiúnaithe agus neamh-chreidiúnaithe laistigh den earnáil sin. Nuair a roghnaíonn tú earnáil, osclófar doiciméad PDF i bhfuinneog nua inar féidir leat tuilleadh sonraí faoi na cúrsaí atá á dtairiscint a fheiceáil. Nuair a aimsíonn tú an cúrsa a bhfuil suim agat ann is féidir leat an nasc a chliceáil chun tú a thabhairt díreach chuig an gcúrsa oiliúna sin.

}