Cuardaitheoir Poist Ceisteanna Coitianta

FAQ's for Jobseekers

Is ann do roinnt áirithe bealaí:

  • Líon na réimsí ar an mbosca dar teideal Cuardaigh do chéad phost eile, ansin cliceáil ar an tsaighead ghorm chun go dtaispeánfar liosta post. Cliceáil ar theideal an phoist chun amharc ar na sonraí.
  • Cliceáil ar phost a thaispeántar ar Na Barrphoist Inniu chun na sonraí a fheiceáil.
  • Logáil isteach ar do phróifíl chuardaitheora poist agus cuardaigh na poist. Ceadaítear duit faoin rogha seo freisin iarratas a dhéanamh ar na poist.

Gheobhaidh tú eolas ar thacaí fostaíochta, ar an oiliúint agus ar sheirbhísí Intreo sa chuid dar teideal Acmhainní do Chuardaitheoirí Poist de Roghchlár na     gCuardaitheoirí Poist.

Má chláraíonn tú ar Láithreán Jabanna Éireann, féadfaidh tú:

  • iarratas a dhéanamh ar phoist agus tuairisc a choinneáil ar na hiarratais ar phoist,
  • ríomhphoist fhógartha a fháil ar bhonn do roghanna post,
  • CV a chur le chéile go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as an eolas ar do phróifíl,
  • teachtaireachtaí a fháil ó fhostóirí a bhfuil suim acu ionat agus na teachtaireachtaí sin a fhreagairt.

Tugann MyGovID teacht sábháilte ar líne duit ar sheirbhísí rialtais na hÉireann. Is é is Láithreán Jabanna Éireann ann ná láithreán gréasáin sheirbhís phoiblí fostaíochta na hÉireann ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Nuair a úsáideann tú Láithreán Jabanna Éireann, is féidir go ndéanfar thú a atreorú chuig MyGovID.ie chun do chéannacht a dheimhniú (tugtar fíordheimhniú air seo).

B'fhéidir go n-iarrfadh fostóirí ort iarratas a dhéanamh ar cheann de na bealaí seo
    a leanas:

  • I dtaca le post
    • Cliceáil ar an gcnaipe dar teideal Deán Iarratas; agus
    • Cuir d'iarratas tríd an ríomphost nó tríd an bpost.
  • I dtaca le scéimeanna na Ronne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (amhail an Fhostaíocht Phobail, an Scéim Tacaíochta d'Fhostaíocht Óige)
    • Cliceáil ar an gcnaipe dar teideal Cláraigh do Spéis; nó
    • Déan teagmháil le d'Oifig Intreo áitiúil.

Seo ceann de na buntáistí a bhaineann le clárú mar chuardaitheoir poist. Féadfaidh tú gach post ar a ndearna tú iarratas a fheiceáil san fhillteán dar teideal Folúntais Ar A nDearnadh Iarratas ar do chuntas Jabanna Éireann. Mura bhfuil an post ar fáil a thuilleadh, Taispeánfar é san fhillteán dar teideal dar teideal Dúnta.

Ní gá. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar phost gan próifíl iomlán a líonadh.

Féadfaidh tú an rogha a dhéanamh go ndéanfar comhoiriúnú idir do phróifíl chuardaitheora poist agus na poist a bheidh á bhfógairt ar Láithreán Jabanna Éireann. Feicfidh tú na poist seo sa chuid dar teideal Folúntais Ar A nDearnadh Comhoiriúnú Poist de do dheais chuardaitheora poist. Feicfidh an fostóir a d'fhógair an post an t-eolas ar do phróifíl.

Is maith an smaoineamh é a oiread agus is féidir de do phróifíl a líonadh chun feabhas a chur ar an gcomhoiriúnú poist. Is féidir leat do phróifíl a líonadh de réir a chéile le himeacht ama, mar ligtear duit i Láithreán Jabanna Éireann athruithe ar do phróifíl a shábháil gach uair a chuireann tú a thuilleadh eolais isteach inti.

Múchtar an comhoiriúnú poist mar réamhshocrú. Is féidir leat é a chur ar siúl sa chuid dar teideal Socruithe de do dheais chuardaitheora poist.

Chun do shonraí pearsanta a fholú, cliceáil ar an ticbhosca dar teideal Ná taispeáin mo shonraí teagmhála ar do phróifíl. Beidh na fostóirí in ann an chuid eile de do phróifíl, amhail an taithí oibre, a fheiceáil.

Chun fógraí a chur ar siúl, cliceáil ar na Socruithe i do dheais chuardaitheora poist agus roghnaigh na socruithe fógra. Cliceáil ar Déan uasdátú ar mo shocrú fógraí agus gheobhaidh tú teachtaireachtaí ó Láithreán Jabanna Éireann nuair a dhéanfar coimhoiriúnú poist le do phróifíl.

Is ann do dhá chúis leis seo.

  • Tá poist áirithe oiriúnach do chuardaitheoirí poist in aon áit, mar shampla an chianobair, agus taispeánfar na poist sin i do thorthaí cuardaigh.
  • Ní chuirtear an áit a bhfuil tú san áireamh maidir leis an gcomhoiriúnú poist i Láithreán Jabanna Éireann. Más mian leat poist a fháil i do cheantar féin, bain feidhm as an rogha i dtaca leis an gcuardach de réir na háite, le do thoil.

Is féidir leat cabhair a fháil ó thaobh Láithreán Jabanna Éireann a úsáid ar roinnt bealaí.

  • Líon an leathanach dar teideal Déan Teagmháil Linn ar an láithreán gréasáin.
  • Cuir ríomhphost chuig ár mbuíon tacaíochta ag jobsireland@welfare.ie.
  • Cuir glao gutháin ar ár lárionad tacaíochta ó 9 r.n. go 5 i.n. ó Luan go hAoine ar 0818 111 112.

Is féidir leat do phróifíl MyGovID a líonadh trí d'ainm agus do sheoladh reatha ríomhphoist a chur isteach. An túisce a bheidh sé seo déanta, sealbhóidh tú cuntas bunúsach MyGovID a chuirfidh ar do chumas logáil isteach ar Láithreán Jabanna Éireann.

Tá buíon tacaíochta Jabanna Éireann ar fáil chun cabhair a thabhairt duit ar 0818 111 112 ó 9 r.n. go 5 i.n. ó Luan go hAoine. Thairis sin, is féidir leat ríomhphost a chur chucu ar jobsireland@welfare.ie.

Ní foláir duit logáil isteach ar do phróifíl chuardaitheora poist don chéad uair agus cliceáil ar sábháil. Ansin is féidir leat dul ar ais chuig an bpróifíl agus do CV a uaslódáil.

Insítear duit anseo go bhfuil téacs atá mícheart nó téacs atá in easnamh sa réimse. Beidh an teachtaireacht le feiceáil le hais an réimse chun cabhrú leat an fhadhb a aimsiú. Má tá an t-eolas ceart curtha isteach agat, déan seiceáil go bhfuil na dátaí curtha isteach i gceart.

Hide Share Button: No

Show Center Title: No