Oiliúint de réir Earnála

Fáilte go dtí ár Leathanach Faisnéise Nua ‘Oiliúint de réir Earnála’.

Gheobhaidh tú faisnéis anseo ar chuid den oiliúint reatha atá á tairiscint ag earnáil. Roghnaigh earnáil chun féachaint ar oiliúint chreidiúnaithe agus neamh-chreidiúnaithe laistigh den earnáil sin. Nuair a roghnaíonn tú earnáil, osclófar doiciméad PDF i bhfuinneog nua inar féidir leat tuilleadh sonraí faoi na cúrsaí atá á dtairiscint a fheiceáil. Nuair a aimsíonn tú an cúrsa a bhfuil suim agat ann is féidir leat an nasc a chliceáil chun tú a thabhairt díreach chuig an gcúrsa oiliúna sin.

Foghlaim shona

Má tá íocaíocht Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach Covid á fháil agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe freisin do mhaoiniú do chúrsa íoctha faoi Dheontas Tacaíochta Oiliúna (TSG). Téigh i dteagmháil le d’Oifigeach Cás nó le d’Ionad Intreo áitiúil le do thoil.

Faoi láthair tá uaireanta oscailte teoranta in Ionaid Intreo agus mar sin mholfaimis gur cheart teagmháil a dhéanamh trí r-phost nó teileafón d’fhonn cloí le srianta sláinte poiblí chun cuairteanna ar oifigí a íoslaghdú.

Hide Share Button: Yes

Show Center Title: Yes